Madra Cúnamh '08


Tháinig Jo Cantillon isteach sa halla le madra álainn. Mhínigh sí gur madra cúnamh í Bianca. Tá
Jo ag traenáil Bianca faoi láthair ionas go mbeidh sí in ann cúnamh a thabhairt do dhaoine le mí-
chumais, m.s. rudaí a phiocadh suas dóibh agus doirse a oscailt dóibh! Bhí cead againn lámh a chur uirthi agus bhí sí deas bog agus an-chairdiúil!

Seó Nollag "A Fairytale Christmas"




Bhain muid an-sult as an shó. Bhí muid ag canadh agus ag damhsa. Chomh maith le sin, tháinig Daidí na Nollag ar chuairt againn. Bhí faitíos orainn roimh an Chailleach agus an Mactíre ach thaitin Cochaillín Dearg agus Luaithrín linn. Thug muid bualadh bos mór dóibh ag an deireadh.

Nollaig 2008




Nollaig shona ó Naíonáin Mhóra! Nach bhfuil na crainnte Nollag go hálainn leis na maisiúcháin Nollag féin-dhéanta ag na páistí. Tá Daidí na Nollag ag teacht go luath agus tá áthas orainn go léir.
Chomh maith le sin, tá muid ar bís faoin seó Nollag "A Fairytale Christmas". Beidh muid ag dul ann ar an Luan ar bhus. Taispéanfaidh muid pictiúir den seó daoibh an tseachtain seo chugainn.

Lá Eolaíochta '08




Bhí Lá Eolaíochta againn sa scoil i mí na Samhna. Thaispeáin an dá Rang 6 agus Rang 5 turgnaimh éagsúla dúinn. D'fhoghlaim muid a lán rudaí nua ó na buachaillí agus na cailíní móra. Bhí muid ag spraoi le maighnéid agus chonaic muid roicéad ag eitilt.

Crazy Craig '08


Tháinig Crazy Craig ar chuairt againn. Thaispeáin sé turgnaimh éagsúla dúinn. D'fhoghlaim muid faoi theas agus fuinneamh. Bhí Ailbhe mar bhean dóiteáin, ag cur amach tine le uisce!

Comórtas Ealaíne '08


Ghlac na Naíonáin Mhóra páirt i gcomórtas ealaíne. Rinne gach páiste sár-iarracht agus bhí na múinteoirí an-bhródúil astu. Bhuaigh Conall i Rang Eimear duais. Comhghairdeas leat Conall!

Coill Bhearna '08


Chuaigh an dá rang Naíonáin Mhóra go Coill Bhearna san Fhómhar. Bhailigh muid duilleoga, cnónna, sméara dubha agus torthaí eile. Bhí dath donn, oráiste, buí agus dearg ar na duilleoga. Cheap muid go bhfeiceadh muid gráinneog nó iora rua ach bhí siad i bhfolach! Bhí siúlóid deas againn an lá sin agus bhí muid tuirseach nuair a shroich muid an scoil arís.