Féile na Leabhair




Is breá linn a bheith ag léamh sna Naíonáin Mhóra agus bhain muid an-sult as gléasadh suas mar charaictéirí ónár leabhair is fearr do Féile na Leabhair.

An Comórtas Scríobh Leabhar 2009-2010






Ghlac rang Sally pháirt sa comórtas Scríobh Leabhar i mbliana, scríobh muid leabhar iontach 'Ainmhithe'. B'fhéidir go mbeidh sibh á cheannach sna siopaí leabhair amach anseo!

An Brat Glas



Is scoil glas í Gaelscoil Mhic Amhlaigh agus tá na Naíonáin Mhóra ag obair go crua chun an brat glas do taistil a fháil. Tháining rang Sally suas leis an mana 'Bígí Cool, Bígí ag Siúl' agus tá an scoil ar fad an bródúil astu! Rinne muid ar fad an-iarracht siúl ar scoil i rith mí Feabhra agus tá sé seo le feiceáil ar ár Crann Glas!

Aonach na Leabhar '09-'10











Bhain na páistí an-taitneamh as Aonach na Leabhar i mbliana. Bhí seans againn dul isteach sa halla chun na leabhair a léamh agus chun leabhar nó dhó a cheannach.

Operation Christmas Child '09




Gach bliain smaoiníonn muid ar na páistí bochta i dtíortha neamh-fhorbartha nach bhfaigheann aon rud don Nollaig. Bíonn páistí Gaelscoil Mhic Amhlaigh fíor flathúil agus iad ag cur bronntanais deasa le chéile dóibh. I mbliana bhailigh muid 214 boscaí!! Fair play do ghach duine a ghlac páirt.

Nollaig 2009


Nollaig shona ó Naíonáin Mhóra! Nach bhfuil an crann Nollag go hálainn leis na maisiúcháin Nollag féin-dhéanta ag na páistí. Tá Daidí na Nollag ag teacht go luath agus tá áthas orainn go léir.

Seachtain Cairdeas '09-'10







Rinne gach páiste póstaer deas ar chairdeas. Ar an bpóstaer bhí an mana Meas orm féin, Meas ar dhaoine eile agus Meas ar rudaí. Seo Rang Eimear gléasta in éadaí gorma le haghaidh Seachtain Cairdeas.








Seo póstaeirí Rang Sally do Seachtain Cairdeas leis an mana Meas orm féin, Meas ar dhaoine eile, Meas ar rudaí. D'fhoghlaim muid go leor faoin

cairdeas an seachtain seo agus cuireann muid na

smaointí ag obair sa rang gach lá.

Lá Eolaíochta '09




Bhí Lá Eolaíochta againn sa scoil. Thaispeáin an dá Rang 5 agus Rang 6 turgnaimh éagsúla dúinn. D'fhoghlaim muid a lán rudaí nua ó na buachaillí agus na cailíní móra. Bhí muid ag spraoi le maighnéid agus chonaic muid roicéad ag eitilt.

Coill Bhearna '09




Chuaigh Naíonáin Mhóra go Coill Bhearna san Fhómhar. Bhailigh muid duilleoga, cnónna, sméara dubha agus torthaí eile. Bhí dath donn, oráiste, buí agus dearg ar na duilleoga. Bhí siúlóid deas againn an lá sin agus bhí muid tuirseach nuair a shroich muid an scoil arís.