Oíche Shamhna '09







Ghléas na páisti suas le haghaidh Oíche Shamhna. Bhí lá iontach againn idir chóisir agus cluichí.

Seachtain Cairdeas '08 - '09




Ghlac na Naíonáin Mhóra páirt i gcomórtas ealaíne i rith Seachtain Cairdeas. Rinne gach páiste póstaer deas ar chairdeas. Ar an bpóstaer bhí an mana Meas orm féin, Meas ar dhaoine eile agus Meas ar rudaí. Rinne gach páiste sár-iarracht agus bhí na múinteoirí an-bhródúil astu. Bhuaigh Tommy i Rang Eimear agus Liam i Rang Siobhán duais. Comhghairdeas libh a bhuachaillí!

An Pháirc Imeartha '09







Chuaigh an dá rang Naíonáin Mhóra ar shiúlóid chuig an Pháirc Imeartha. Bhí spórt agus spraoi againn. Bhí seans againn dul ar an luascán, ar an bhfráma dreapadóireachta, ar an sleamhnán agus ar an suí sá. Nuair a tháinig muid ar ais go dtí an seomra ranga rinne muid líníochtaí den turas ón scoil go dtí an pháirc imeartha agus phéinteáil muid pictiúir dheasa den áit spraoi.

Teddy Bear Hospital '09






Chuaigh an dá rang Naíonáin Mhóra go NUIG le haghaidh an ‘Teddy Bear Hospital’. Bhí muid ag labhairt faoi thinneas, dochtúirí, srl agus rinne na páistí cinneadh faoi cén sort tinneas a bhí ar an teidí, m.s. cos briste. Rinne muid pictiúrí le cur chuig NUIG. Thug gach páiste teidí leis/léi ar an lá. Thug siad cuairt ar an dochtúir agus fuair teidí úll nó banana ón bpoitigéar! Bhí seans againn dul isteach san otharcharr chomh maith.